Seo chugainn r-leabhar (e-book) nua i nGaeilge. Is aistriúchán Gaeilge é Cúig Nóiméad go dtí an Nollag ar dhán atá foilsithe i bhfoirm leabhar pictiúirí, agus tá sé ar fáil ó Amazon.com do Kindle, nó is féidir leat léitheoir Kindle a íoslódáil saor in aisce ó Amazon nó ó do shiopa aipeanna leis an leabhar seo nó ábhar Kindle eile a léamh r an iPad, iPod, iPhone, Android, ríomhaire, nó píllín nó gaireas eile. Insíonn Cúig Nóiméad go dtí an Nollag (Five Minutes to Christmas) scéal seanfhir uasail atá leis féin oíche Nollag nuair a fhaigheann sé sraith bronntanas ó fhoinse éigin nach eol dó. Tá teachtaireacht ag dul le gach bronntanas, agus cuireann na teachtaireachtaí i gcuimhne dó cad chuig a ndéantar an Nollaig a cheiliúradh.
Má tá spéis agat ann, seo an nasc chuig: http://www.amazon.com/C%C3%BAig-N%C3%B3im%C3%A9ad-Nollaig-Irish-Edition-ebook/dp/B00QU9GDNS/ref=pd_rhf_dp_p_img_1
Agus más spéis leat an leagan Béarla, is féidir é a fháil ag:
http://www.amazon.com/Five-Minutes-Christmas-Dale-Dennis-ebook/dp/B00QSMXMTU/ref=sr_1_3?ie=UTF8&qid=1418390324&sr=8-3&keywords=five+minutes+to+christmas
Ba é Dale Dennis, ball gníomhach den Fhóram anseo, a chum an dán, agus ba í a chara Terry Johnston a chuir na maisiúcháin ghalánta ar fáil.
Is áit iontach é le cuid de na téarmaí Gaeilge a bhaineann leis an Nollaig a fhoghlaim!
Beirigí bua, Seáno.