May 2010 - Talk Irish News

  • www.talkirish.com wins award!

     

    Bhain www.talkirish.com Duais Chiaráin Uí Eigeartaigh don Idirghníomhaíocht ag Féile na Meán Ceilteach. Tugann an duais seo aitheantas don nuálaíocht, don idirghníomhaíocht agus don chruthaitheacht i suíomhanna gréasáin agus in inneachar ar líne. Chuaigh sé i bhfeidhm orm go mór go raibh www.talkirish.com ar an ghearrliosta le cúig shuíomh gréasáin de chuid an BBC – agus d’fhéadfadh ceann ar bith acu sin an duais a bhaint. Caithfidh mé a admháil gur le lámh a chroitheadh leis an bhuaiteoir a d’fhreastail mé ar shearmanas na nduaiseanna.  

    Baineadh stangadh asam nuair a bhain www.talkirish.com agus ar ndóigh, bhí ríméad orm fosta! Luaigh na moltóirí an pobal idirnáisiúnta agus dearadh glan an tsuímh atá againn mar dhá cheann de na cúiseanna ar roghnaíodh talkirish.  

    Mar sin de, buíochas mór agus buíochas ó chroí le gach aon duine a bhíonn ag obair go dian i nganfhios don saol le www.talkirish.com a choinneáil ar obair, agus le gach duine sa phobal s’againne a chuidigh linn áis arbh fhiú an t-aitheantas seo a dhéanamh den suíomh. Coinnigí oraibh leis an dea-obair!

     www.talkirish.com won the the Kieran Hegarty Award for Interactivity at the Celtic Media Festival. This award recognises innovation, interactivity and creativity in websites and online content. I was hugely impressed that www.talkirish.com was sharing a shortlist with 5 BBC websites - any one of which was a worthy winner. I must admit, I attended the awards ceremony to shake the hand of the winner. 

    I was shocked - and delighted - that www.talkirish.com was the winner. The judges singled out our international community and clean web design as two of the reasons why we were chosen. 

    So a great big huge heartfelt thanks to everyone behind the scenes on www.talkirish.com and everyone in our community for helping to build this into something worthy of such recognition. Keep it going! 

     

     

    Published Wed, May 05 2010 by michelle - 1 comment
Learn Irish with Talk Irish, 117a Ormeau Road, Belfast, BT7 1SH, N Ireland
© Copyright 2019 TalkIrish.com  -  Privacy Policy  -  About Us  -  Jobs  -  News  -  Links