Talk Irish nominated for Celtic Media Award
Tá www.talkirish.com curtha ar an ghearrliosta do Dhuais Chiaráin Uí Éigeartaigh don Idirghníomhaíocht ag Féile na Meán Ceilteach. Is é is aidhm le Féile na Meán Ceilteach ná teangacha agus cultúir na dtíortha Ceilteacha a chothú ar an scáileáin agus sna meáin chraolta.
Tugann Duais Chiaráin Uí Éigeartaigh don Idirghníomhaíocht aitheantas don nuálaíocht, don idirghníomhaíocht agus don chruthaitheacht i suíomhanna gréasáin agus in ábhar ar líne.
Is é www.talkirish.com an t-aon léiriúchán ar an ghearrliosta nach mbaineann leis an BBC – is féidir na hainmniúcháin uilig a fheiceáil anseo.
Táimid ag dúil go mór le freastal ar an fhéile féin. Beidh sé cóngarach go leor do Bheal Feirste in Iúr Cinn Trá, ar an 21-23 Aibreán. Go n-éirí linn!
****************
www.talkirish.com has been shortlisted for the Kieran Hegarty Award for Interactivity at the Celtic Media Festival. The Celtic Media Festival aims to promote the languages and cultures of the Celtic countries on screen and in broadcasting.
The Kieran Hegarty Award for Interactivity recognises innovation, interactivity and creativity in websites and online content.
www.talkirish.com is the only non-BBC production on the shortlist - you can see all nominees here.
We're really looking to attending the festival itself, which is up the road from us, in Newry, on 21-23 April. Wish us luck!
Posted
Mar 03 2010