GAEILGE
Tháinig gnóthaí idir mhór agus mhion le chéile Dé hAoine 26 de mhí an Mheithimh 2009, sa Four Seasons Hotel, Droichead na Dothra, Baile Átha Cliath, áit ar fógraíodh gnóthaí, comhlachtaí agus fiontraí a bhain aitheantas amach faoin scéim Barr 50 Gnó le Gaeilge. Ba é Máirtín Ó Muilleoir agus Lá Nua a thionscain an scéim a thugann aitheantas do ghnóthaí agus do comhlachtaí a dhéanann iarrachtaí an Ghaeilge a úsáid agus a chothú ina gcuid gnó féin, den chéad uair i 2006.
Tugadh le fios do TalkIrish gur ainmníodh iad mar chomhlacht de na comhlachtaí a bheadh ar an liosta Barr 50 i mbliana agus ba phribhléid é do TalkIrish do Michelle glacadh leis an ainmniúchán. Chuaigh Gearóid Mac Eoin go Baile Átha Cliath chun glacadh leis an ghradam seo ar son TalkIrish.
Bhí An Seanadóir Mary White I láthair mar aoí-chainteoir. Ainmníodh réimse leathan de ghairmeacha agus de thionscail agus ba dheas a bheith luaite ina measc ar an liosta Barr Caoga. Ina measc bhí seirbhísí gairmiúla, teicneolaíochta, ealaíona, na meáin, miondíoltóireachta agus lónadóireachta.
Bronnadh gradaim speisialta ar chomhlachtaí áirithe mar atá; ‘Optinnet’ a chuireann séirbhísí bogearraí ar fail do phríomheagrais Ghaeilge. ‘Comhairle an Iúir agus Mhúrn’ as an Ghaeilge a úsáid san earnáil phoiblí.
Ba iad Siobhán Uí Scannláin agus Bill Scanlon a ghnóthaigh an Gradam Margaíochta ar son Fabraic Fíor Álainn/The Fabulous Fabric Company, Co Chorcaí, comhlacht deartha agus fabraic.
Samsung Ireland a ghnóthaigh Gradam Gnó na Bliana as an Tocca a láinseáil anuraidh, an chéad ghuthán póca a bhfuil téacs Gaeilge leis
Tá an Iris ag cur síos ar an 50 gnó ar fáil le íoslódáil ag www.events.belfastmedia.com.
ENGLISH
Organisations and business’ both big and small came together on Friday 26th June 2009 in the Four Seasons Hotel, Ballsbridge, Dublin, where businesses, companies and enterprises were awarded recognition under the Barr 50 Gnó scheme. Máirtín Ó Muilleoir and Lá Nua first initiated the scheme in 2006. The scheme identifies and gives recognition to businesses and companies who use and preserve the Irish language within their own business.
TalkIrish was among those who earned a place on this year's top 50 list. TalkIrish translator, Gearóid Mac Eoin, went to Dublin and accepted the award on behalf of TalkIrish.
Senator Mary White was in attendance as guest speaker. A wide range of professions and industries had been nominated and it was wonderful to be amongst them in the Top 50. Services provided for range from professional and technical, artistic and media, to retail and catering.
Certain companies and enterprises received special awards such as: ‘Optinet’ who provide a software service major Irish language organisations and ‘Newry and Mourne Council’ for their use of the Irish Language within the public sector.
Siobhán Uí Scannláin and Bill Scanlon received the Marketing award for their company ‘Fabraic Fíor Álainn’ /The Fabulous Fabric Company, Co. Cork, a fabric design company.
Samsung Ireland claimed Business Award of The Year with the launch of Tocca last year, the first mobile phone made to work with the Irish Language.
The Top 50 magazine, which has a piece on each of the top 50 businesses, can be downloaded at www.events.belfastmedia.com.